Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Comhdháil leath-lae do na Luathbhlianta á reáchtáil ag Gaeloideachas.
Tá fáilte roimh éinne atá ag cur seirbhísí luathbhlianta ar fáil trí mheán na Gaeilge; múinteoirí naíonra, cúramóirí, múinteoirí naíolainne nó eile.
Beidh an comhdháil i bpearsan, i mBloc D, Seomra 203 Leabharlann Cregan, Coláiste Phádraig, DCU i mBaile Átha Cliath 9 ó 9.30-15.00. Níl aon chostas i gceist, agus cuirfear lón saor in aisce ar fáil.
Clár an Lae
Clárúchán: 09.30-10.00
Tae, caifé agus deis bualadh le múinteoirí eile
Ceardlann 1: 10.00-10.45
Better Start Treoir Chleachtais, Riachtanais Bhreise Oideachais & Eile
Togra náisiúnta is ea Better Start a dhíríonn ar Fhorbairt Cháilíochta do na Luathbhlianta. Bhunaigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige agus le tacaíocht ó Phobal. Cuireann Better Start cáilíocht agus cuimsiú chun cinn i suíomhanna Luathbhlianta agus Cúram (ELC) do leanaí ó bhreith go sé bliana d’aois in Éirinn.
Tá foireann chuimsitheach acu agus beidh Gráinne Mulligan linn ar an lá chun ceardlann phraiticiúil a thabhairt daoibh, mar aon le deis do cheisteanna ag an deireadh.
Níos mó eolais: https://www.betterstart.ie/about-us/
Ceardlann 2: 11.00-11.45
Aoi Speisialta Scileanna Léitheoireachta
Níos mó eolais le teacht!
Lón: 12.00-13.00
Ceardlann 3: 13.00-13.45
Talk Nua / Dr. Mary Pat O’Malley Forbairt Urlabhra agus Teanga don Pháiste Ilteangach
Is teiripeoir urlabhra agus teanga, agus léachtóir in Ollscoil na Gaillimhe í Mary-Pat O’Malley le breis agus 25 bliain taithí ag obair le teaghlaigh. Tá sí paiseanta faoi thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh ilteangacha a bhfuil imní orthu faoi fhorbairt urlabhra agus teanga a bpáiste, ag baint úsáide as straitéisí atá bunaithe ar thaighde. Is féidir teacht ar a suíomh ag www.talknua.com. Bhunaigh sí grúpa Facebook ar a dtugtar Becoming Bilingual le Teiripeoir urlabhra agus teanga ilteangach Nadja Herkner.
Ceardlann 4: 14.00-14.45
Branar Ceardlann Puipéadóireachta
Tá Branar Téatar do Pháistí’ ar cheann de phríomhchompántais amharclannaíochta in Éirinn a chruthaíonn saothar ealaíne do pháistí. Lonnaithe in iarthar na hÉireann, tá cáil ar Branar as an tsárobair álainn, shamhlaíoch a dhéanann siad. Tá siad tiomanta dá lucht féachana. Tá Niamh ag obair le Branar le 3 bliana anuas, ag obair idir cheardlanna agus leiriúcháin i scoileanna agus in amharclanna. Tá BA ag Niamh sa Dramaíocht agus sa Ghaeilge ó Ollscoil na Gaillimhe.
Tá Niamh Ní Fhlatharta ó ‘Branar Téatar do Pháistí’ chun ceardlann puipeadóireacht a chur i láthair ag úsáid ábhair atá ar fáil go héasca sa seomra ranga. Foghlaimeoidh tú: Conas puipéad a dhéanamh as páipéar & Bunscileanna puipéadóireachta, cosúil le conas an puipéad a bhogadh.
Recent Comments