Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Comhdháil na Luathbhlianta Gaeloideachas 2023 ar siúl i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ar an 30 Meán Fómhair 2023.

Bí linn don ócáid fhíorspeisialta seo. Níl aon chostas i gceist agus tá sé oscailte d’éinne atá ag obair i naíonra. Is féidir clárú le freastal thíos.

Téama agus Clár

Sealbhú Teanga sa Naíonra a bheidh mar théama. Seo thíos clár ama an lae.

10.30-11.00: Clárúchán

11.00-12.00: Pléphainéal ‘Sealbhú Teanga sa suíomh Luathbhlianta’

12.00-13.00: Ceardlann 1 An Rince & An Ceol sa Naíonra

13.00-14.00: Lón

14.00-15.00: Ceardlann 2 An Fhorbairt Urlabhra & Teanga sa Naíonra

15.00-16.00: Ceardlann 3 Scéalaíocht sa Naíonra

Taisteal agus Páirceáil

Tá Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, suite 1km ó lár na cathrach. Is féidir teacht ar threoracha taistil chun na hollscoile ar shuíomh UCC anseo https://www.ucc.ie/en/discover/visit/getting-here/. Beidh pairceáil saor in aisce ar champas na hOllscoile ar an lá.

Grianghraif ag an gComhdháil

Beidh grianghraif agus físeáin éagsúla á dtógáil le linn na Comhdhála. Bainfear úsáid as na grianghraif/físeáin seo go hinmheánach agus go seachtrach le poiblíocht/margaíocht a dhéanamh ar obair Gaeloideachas. D’fhéadfadh Gaeloideachas an t-ábhar seo a úsáid i bhfoirm clóite nó i bhfoirm dhigiteach in áiteanna éagsúla: cuir i láthair, fógraíocht, suíomhanna idirlín, meáin shóisialta, foilseacháin agus áiteanna eile ina measc.
Sa chás nach bhfuil tú ag iarraidh go dtógfar grianghraf díot, ní mór sin a chur in iúl do bhall foirne Gaeloideachas ar an lá. Is féidir iarratas a chur go Gaeloideachas gan íomhá(anna) díot a úsáid ag am ar bith. Sa chás seo, ní bhainfear úsáid as íomhánna díot in aon ábhar nua sa todhchaí ach d’fhéadfadh go mbeadh siad fós le feiceáil i bhfoilseacháin agus ábhair eile a bhí ar fáil roimh d’iarratas.
Tá féidearthacht ann go gcoinneofar roinnt grianghraf agus físeán go buan mar chuid de chartlann na heagraíochta.